Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin.

Ref: 02/17/2023 - 3202020
Name: Patrick Blaney
Email Address: p.blaney@smucb.ac.uk
Phone Number: +17845885609
Institution Address: Coláiste Ollscoile Naomh Muire
Seeking a partner/s in: Republic of Ireland

Beidh an taighde seo bunaithe ar úsáid na ceardlainne mar mhodh teagaisc agus foghlama an aistriúcháin i measc mhic léinn an tríú bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge). Is gnách go n-áirítear aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge mar chuid de na modúil sna Saorealaíona agus go dearfa, mar chuid de na modúil i mBaitsiléir an Oideachais, ó bhliain a haon go bliain a trí. Is gnách go mbíonn píosa leanúnach próis le haistriú ar ábhar ar leith agus go n-ullmhaítear sa léacht ar bhonn seachtainiúil é. Déanfar taighde ar chur chuige na ceardlainne agus na mic léinn ag aistriú píosa leanúnach próis atá curtha le chéile agus leabhair thagartha ar leith in úsáid ag na mic léinn sa cheardlann. Bainfear úsaid as Ó Dónaill (2016) Gramadach Gan Stró, Eagrán 4, Mac Lochlainn (2018) Ó Bhéarla go Gaeilge agus Mac Lochlainn (2020) Cruinneas mar phríomhthéacs tagartha sa cheardlann. Bainfear úsáid as leabhair thagartha eile a bhfuil cur amach ag na mic léinn orthu thar na trí bliana de chúrsa na céime. Díreofar ar chur chuige na ceardlainne a mholtar in Fitzpatrick & Hunt (2019). Mar sin de, sa taighde seo déabfar taighde ar chur chuige an mhodha úir lena fháil amach cad é a shíl na mic léinn de chur chuige na ceardlainne agus iad ag cur lena bhfeasacht agus lena n-eolas ar theanga na Gaeilge. Cuirfear ceistneoir chuig na mic léinn ag tús an tionscadail lena fháil amach cad é an dearcadh atá acu ar aistriúchán go ginearálta agus ar a mhuiníní atá siad maidir le cúrsaí aistriúcháin. Eagrófar an cheardlann agus déanfar físthaifeadadh den cheardlann féin agus na mic léinn i mbun oibre le breathnóireacht a dhéanamh ar an chur chuige. Cuirfear agallamh ar na mic léinn i bhfócasghrúpaí cúpla lá i ndiaidh na ceardlainne lena dtuairimí ar an mhodh úr teagaisc a mheas. Déanfar anailís ar thuairimí na mac léinn.